EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0820

Moladh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 maidir le faireachas ar an margadh agus maidir le forfheidhmiú [2023/820]

PUB/2023/431

IO L 102, 17.4.2023, p. 84–85 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/84


MOLADH Uimh. 1/2023 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

maidir le faireachas ar an margadh agus maidir le forfheidhmiú [2023/820]

AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 166(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 166(3) den Chomhaontú um Tharraingt Siar gur de chomhthoil a dhéanfar moltaí.

(2)

Faoi Airteagal 182 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is cuid lárnach den Chomhaontú sin é an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”).

(3)

Beartaítear le hAirteagal 6(2) den Phrótacal go mbunófar socruithe sonracha maidir le gluaiseacht earraí laistigh de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, i gcomhréir le seasamh Thuaisceart Éireann mar chuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe i gcomhréir leis an bPrótacal, i gcás ina mbeidh na hearraí ceaptha chun tomhaltais deiridh nó chun úsáide deiridh i dTuaisceart Éireann agus i gcás ina mbeidh na coimircí is gá i bhfeidhm chun sláine mhargadh inmheánach agus aontas custaim an Aontais a chosaint i gcomhréir leis an bPrótacal,

TÁ AN MOLADH SEO A LEANAS DÉANTA AIGE:

Airteagal 1

Tá an méid seo a leanas á mholadh ag an gComhchoiste don Aontas agus don Ríocht Aontaithe:

 

I gcomhthéacs na socruithe sonracha a bheartaítear faoi Airteagal 6(2) den Phrótacal, ba cheart uirlisí faireachais margaidh agus uirlisí forfheidhmiúcháin a úsáid i gcomhar chun faireachán a dhéanamh ar an sreabhadh earraí agus chun aon riosca go bhféadfadh earraí teacht isteach san Aontas nó sa Ríocht Aontaithe go neamhdhleathach a bhainistiú.

 

Comhar feabhsaithe idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, agus idir an Ríocht Aontaithe agus údaráis na mBallstát i gcás inarb iomchuí, i ndáil le gníomhaíocht éifeachtach faireachais margaidh agus forfheidhmiúcháin, ba cheart dó tacú leis na socruithe sin. Ba cheart dó sin tacú le faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na socruithe sin gan gá le haon seiceálacha ná rialuithe ag an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus Éire.

 

D’fhéadfaí a chuimsiú sa chomhar sin comhroinnt eolais, malartú faisnéise, obair le hoibreoirí agus gníomhaíocht chomhpháirteach i gcás inarb iomchuí, go háirithe idir údaráis i dTuaisceart Éireann agus sna Ballstáit ábhartha, chun dul i ngleic le gníomhaíocht neamhdhleathach agus smuigleáil, chun a áirithiú nach gcuirfear earraí ar an margadh nach gcomhlíonann na caighdeáin is infheidhme, agus chun a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do ghníomhaíocht forfheidhmithe agus faireachais bunaithe ar rioscaí agus ar fhaisnéis. Áiritheoidh na húdaráis freisin feasacht lucht gnó agus oibreoirí ar an rochtain ar an margadh atá ar fáil d’earraí atá ag gluaiseacht idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas, i gcás ina gcomhlíonann na hearraí sin na ceanglais is infheidhme, i gcomhréir leis an bPrótacal.

 

Ba cheart don Ríocht Aontaithe agus don Aontas oibriú go cuiditheach trí struchtúir an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, lena n-áirítear an Comhchoiste, chun tacú le feidhmiú éifeachtach na socruithe nua, chun leas na ndaoine agus na n-gnólachtaí i dTuaisceart Éireann.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an Moladh seo an lá tar éis an dáta a dhéanfar é.

Arna dhéanamh i Londain, an 24 Márta 2023.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

James CLEVERLY


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.


Top